- IE IJA S/9/2
- Item
- [1800]-[1900]
Part of Irish Jesuit Special Collections
19ú haois. 8" x 9.9". 217 lch uimhrithe 1-215, ach 88-9 faoi dhó agus lch bán tar éis 115 fágtha gan uimhir; an príomhscríobhaí a d’uimhrigh go 203, agus Éamonn Ó Sealbhaidh as sin amach. Dhá dhuilleog cheangail chun tosaigh agus cuid de cheann (bán) laistiar. An tAthair Siomón Breathnach a scríobh in 1817 (cf. lch 1); tugann sé Tullachair mar log agus ‘mí deire Samhradh’ mar dháta níos cruinne ag 185i. Bhreac Eamonn Ó Sealbaidh ar lgh 199, 204, 212, agus ar an taobh istigh de na clúdaigh, níos déanaí. Tá stampa úinéara (?) ‘William J. Onahan Chicago’ ar an gclúdach tosaigh laistigh. Ansiúd leis agus ar na duilleoga ceangail tá nótaí mínithe ar na focail ‘Talmud’, ‘Hellenists’; nóta ar ‘Protesting Catholic Dissenters’; agus ráitis Laidine ó Hórás, Tertullian, agus eile. Tá comhartha seilbhe breactha ar an gcéad duilleog cheangail : ‘Arch. Prov. Hib.’ agus teideal na haiste ‘A dhuine cuimhnigh air do chriocha deighionach.’ Laistigh ar an gclúdach thiar tá: ‘Mangaire S. chúm S. Ó Tuama.’ Is lom an t-ionad san grinnoll na mbagh míne. 1 v. Tá an ls seo ceangailte i gcairtchlár glas le cúl leathair, ach go bhfuil an clúdach ar bogadh anois.